Turais Scoile

Turais Scoile

Nante, An Fhrainc

Nantes

Eagraímid taithí oibre i Nantes na Fraince gach bliain. Go bunúsach, bíonn deis ag daltaí na hidirbhliana fanacht le teaghlach Francach ar feadh seachtaine (nó coicís más féidir). Agus iad sa Fhrainc oibríonn na daltaí le páistí in ionaid saoire do pháistí. Feidhmíonn siad mar cheannairí agus cabhraíonn siad leis na hoibreoirí gníomhaíochtaí a eagrú do na páistí: spórt, ealaín, agus ceol. Chomh maith leis sin, sa tráthnóna, caitheann na daltaí am leis an teaghlach ag foghlaim faoi nósanna na bhFrancach ag cur deis iontach ar fáil an teanga a úsáid i gcomhthéacs nádúrtha agus nasc a chruthú léi feasta.

IMG-20240921-WA0025 (1).jpg

L’année de Transition

Nous organisons un voyage à Nantes tous les ans et les élèves de transition ont l’opportunité de rester dans une famille française pendant une semaine (ou deux en option). Durant leur séjour ils travaillent dans un centre de vacances avec les enfants- ils aident les moniteurs, ils participent et aident à organiser diverses activités sportives, culturelles et familiales.

Les élèves sont en immersion totale ce qui leur permet de de créer un lien authentique avec la langue et la culture françaises.

Eagraímid taithí oibre sa Fhrainc in Nantes gach bliain. Bíonn deis ag daltaí na hidirbhliana fanacht le teaghlach francach ar feadh seachtaine (nó coicís más féidir).

Agus iad sa Fhrainc oibríonn na daltaí le páistí in ionaid saoire do pháistí. Bíonn siad mar cheannairí agus cabhraíonn siad leis na hoibreoirí gníomhaíochtaí a eagrú do na páistí: sport, ealaín, ceol…)

Sa tráthnóna, caitheann na daltaí am leis an teaghlach ag foghlaim faoi nósanna na bhFrancach.

Is deis iontach í an teanga a úsáidi bhfíorchomhthéacs agus nasc a chruthú léi go deo.

Bordeaux 2024

An Tansáin, An Afric

An Tansáin, Aifric.

Bhí muintir na hIdirbhliana sa Tansáin le déanaí. Tar éis 18 mí ag bailiú airgid bhí an-turas acu. Chaith siad an tseachtain ag múineadh sa bhunscoil nua-oscailte agus sa Kindergarten ann agus ag péinteáil ann chomh maith. Bhailigh siad €17,000 don scoil i Kisiju. Tá an t-airgead sin chun dul chun talamh a cheannach in aice leis an scoil. Fásfaidh siad crainn caisiúann. I gceann 5 bliana beidh an scoil in ann na cnónna a bhaint agus a dhíol chun airgead a dhéanamh don scoil. Bhain siad an taitneamh agus tairbhe as an turas. Chonaic siad saol difriúil agus is léir go bhfuil go leor foghlamtha acu. Éist leis an agallamh a rinne Kyle, Órán agus Paul le Alan Corcoran ar South East Radio.
A group of students in TY went on a tour to Tanzania recently. After 18 months fundraising they had a great trip. They spent the week teaching in the newly-opened primary school and Kindergarten and painting the school too. They raised €17,000 for the school in Kisiju. That money will go towards buying landed adjacent to the school. The school will be able to grow cashew trees on this land. In 5 years, they will be able to harvest the cashew nuts and sell them to raise money for the school so that it can be self-sufficient in the future. The students had a great time and really benefitted from the trip. They saw a different way of life and have definitely learned a lot from their experience. Listen to the interview that Kyle, Órán and Paul did with Alan Corcoran on South East Radio talking about their experience.

Tereul, An Spáinn

Chuaigh daltaí na ranganna Spáinnise go dtí Teruel, na Spáinne ar malartú scoile. Chaith siad an chéad oíche i Madrid, áit ar bhlás siad cultúr agus bia na Spáinne. Ar aghaidh leo an chéad maidin eile go Teruel agus iad ar bís buaileadh lena gcairde Spáinneacha arís. D’fhan siad i dtithe na ndaltaí Spáinneacha ar feadh ceithre oíche agus chuir siad an aithne ar na clainne.

Tréimhse an-ghnóthach a bhí acu lán le gníomhaíochtaí spraíúla agus turais suimiúla ar nós turas go Valencia agus Albarracín, féasta áitiúla agus siúlóidí sna cnoic. Fuair daltaí na scoile deiseanna iontacha a gcuid Spáinnise a fhorbairt is a fheabhsú. Bhí brón ar na daltaí a gcuid cairde Spáinneacha a fhágáil, ach molann siad go léir an deis a thapú dul ar mhalartú Spáinné mar gur thaithí iontach a bhí ann dóibh ar fad agus tháinig siad abhaile flúirseach sa Spáinnis.

¡Regresaremos pronto!

Ean 27
2026
Cruinnithe DTM Bliain 5
Feabh 02
2026
Saoire bainc
Feabh 03
2026
Bréagscrúduithe Bliain 6
Feabh 03
2026
Cruinnithe DTM-Bliain 1
Coill an Bhrúnaigh, Inis Córthaidh, Co Loch Garman Y21R2F2
Cumarsáid
Suíomh / Location
© 2026 Meánscoil Gharman