Is bliain an spreagúil í an Idirbhliain, lán d'fhéidearthachtaí agus deiseanna chun forbartha agus foghlama. Is nasc í idir an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shínsearach. Is í an fheidhm ná cabhair a thabhairt chun athrú ón bhfoghlaim a bhfuil struchtúr uirthi go bealach níos neamhspleáiche agus foghlaim fhéinstiúrtha.
De réir taighde léirítear go bhfaigheann na daltaí a thugann faoin Idirbhliain 45 pointe sa bhreis san Ardteist. Is buntáiste iontach é sin ar ndóigh! Mar sin tapaigh an deis an bhliain seo a úsáid chun ábhair nua a thriáil, rudaí nua a bhlaiseadh, agus scileanna agus suimeanna éagsúla a fhorbairt. Is sinne an chéad Mheánscoil lán-Ghaeilge i gContae Loch Garman.
Ag Meánscoil Gharman, creidimid gur bliain thábhachtach ar bhóthar na foghlama í an Idirbhliain. Sin an fáth go bhfuil sé éigeantach do gach dalta. Déanfaidh tú staidéar ar na croí-ábhair ar nós Gaeilge, Béarla, Fraincis, Mata, Reiligiún, Ríomhairí agus Corpoideachas.
Gheobhaidh tú léargas ar ábhair na hardteistiméireachta ag déanamh 40 nóiméad d’ábhair áirithe don chéad chuid den bhliain agus ansin ag athrú go dtí bloc eile don dara cuid den bhliain.
Ach, ní hé sin é! Gheobhaidh tú an deis páirt a ghlacadh i modúil de bhlocanna ábhar ar nós Dearadh, Cócaireacht, One Good Idea, Eolaí Óg, Beginners agus ag seinm na ucailéile. Agus níl ann ach an tús! Is féidir leat páirt a ghlacadh in Junk Kouture, i gComhlacht beag agus i YSI.Aitheantas Sóisialta.
Ní bhaineann an bhliain seo le cúrsaí acadúla amháin, áfach. Beidh deis agat scileanna sóisialta an tsaoil a fhorbairt, ar nós eagrúchán, comhfhreagras, agus tinreamh. Coimeádfaidh tú dialann agus foghlaimeoidh tú conas do chuid ama a bhainistiú go héifeachtúil.
